Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán (ar lean)
“Aréir bhíos fén agus an máighistir ag”
(ar lean ón leathanach roimhe)Is na scaipfead go n-éagfad aon phingin de ar mhnáibh.
VII
Do scaipeas a lán de ar na mnáibh seo go h-aerach,
Is ní moladh orm thein é ná ar ghaige den sórd
Mar sin a raibh dá bhárr agam fán fada is iarsma
Gan túinte den eadach stoca ná bróg.
VIII
Tréis mo phúnt a caitheamh i dtig a leanna gan baochas
Mo charaid go léir bhíodh a bruighean
Bhíodh a corcán ag screadaig is a barr breágh meith ann
Agus mise gan aon ghiob ach mé ag sileadh na ndeór.
IX
Tógfad me árthach agus raghaidh mé go h-Éirinn
A' feiscint mo ghaoltha tá fairseag go leór
Mar a bhfagad crothadh láimh agus fáilte ós gach aoinne
Is beig cailín deas aerach lem taobh dheas ag ól.
X
Beidh luisne is breigthacht na báin leicin glé gheal
Is fáisfead lem thaobh í le taithneamh dá snódh
'Sé dearfaidh sí amáireach "Seo mo láimh duit a réice
Do malairt ní dheanfaidh mé anois ná go deó.My name is Mike Shea I'm a poor Irish rake
In Glengarb's [?]faith I was born
I took a long "fraak" and came here to Wales
To make up my fortune go brách ann.