Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí smuigléireacht ar siubhal idir na Franncaigh agus Tighearna Mach Suibhne abhí mar tighearna talmhan ar Bhán agus an dá Dhoirín fadó. Bhí bád mór ag na Franncaigh agus ní fhéadfaidís teacht isteach in aon áit annso.
B’iad múintear an Doirín a théigeadh amach chúcha agus a thugadh isteach an tobac an brannda agus na fíonta. Tá cumar tamaillín beag thuas sa chnoc Doirín (ní h-eadh ach bothar bealach scart) agus is ann a chuiridís an tobac an brannda agus na fíonta. Cumar a Bhrandy a tugtí air. Tá fraoch ag fás ós cionn an chumair anois.
Chualaidh Puxly go raibh smuigléireacht ar siubhal san áit seo gan aon cháin ag dul do Shasana. Do dhein sé suas a aigne go dtiochfadh sé amach an céad lá eile a thiocfadh an long agus to dhein amhlaidh.
Bhí Ó Suileabháin gabha (Seán Óg gabha {M. ÓSeaghdha}) ‘na chómhnuidhe i gCeap-na-Páirce agus b’é an gabha a bhfearr abhí i mBéara é. Nuair a chualaigh sé go raigh Puxly ag teacht chun stop do chuir leis an smuigléireacht do dhein sé suas a aigne go rachadh sé go plús abhí cois na fairrge (thall ar an bpoínnte mór {MoS}) agus go dtabharfadh sé a ghuna (gunna cam a dhein sé féin {MoS)}) leis.
An lá seo do chuaidh Ó Súileabháin go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann