Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 082

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 082

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 082
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí rígh 'na cómhnaidhe in Éirinn fadó

    Bhí rígh 'na cómhnaidhe in Éirinn fadó agus do thógtaí gach ceann dá leanbaí nuair a saoghaluighthi iad. Do chualaidh an rígh trácht ar Fhionn Mac Cumhaill agus do chuir sé fios air. Tháinig Fionn agus thug sé fir eile leis. Tónleasc agus gadaidhe agus snámhaidhe agus fear an gunna. Nuair a tháinig na fir go tig an rígh bhí leanbh óg rómpa agus dubhairt an rígh leó aire do thabhairt do leanbh i dtreó is na sgiobhfaí é. Dubhairt Fionn leis an rígh agus leis an Banrioghan dul a chodhladh agus an leanbh do fhághaint i glíabhán i lár an úrláir agus go dtabharfadh siad aire dó.
    Bhí ceann acu ag an dorus ar féachaint a raibh aoinne ag teacht. I lár an oidhche dubhairt sé leis an gchuid eile an seimné do fhaire mar go raibh duine éigin ag dul suas ar dhian an tighe. Taréis tamaill chonnaiceadar lámh mór dhubh ag teacht anuas an seimné. Do tharraing Fionn a chliamh agus do bhain sé an lámh de, ach annsan tháinig lámh eile anuas agus do sguib sé an leanbh sar ab fheidir é feiscint.
    Ní raibh a fhios ag na fir annsan cad a dhéanfadh siad, ach dubhairt Fionn go raibh caisleán mór árd, amuich sa bhfairrge agus go mbíodh sé ag luascad i gcómhnaidhe agus nár bhféidir le aon long teacht i ngiorracht trí deich de míltibh [?]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge