Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí rígh 'na cómhnaidhe in Éirinn fadó”
Bhí rígh 'na cómhnaidhe in Éirinn fadó agus do thógtaí gach ceann dá leanbaí nuair a saoghaluighthi iad. Do chualaidh an rígh trácht ar Fhionn Mac Cumhaill agus do chuir sé fios air. Tháinig Fionn agus thug sé fir eile leis. Tónleasc agus gadaidhe agus snámhaidhe agus fear an gunna. Nuair a tháinig na fir go tig an rígh bhí leanbh óg rómpa agus dubhairt an rígh leó aire do thabhairt do leanbh i dtreó is na sgiobhfaí é. Dubhairt Fionn leis an rígh agus leis an Banrioghan dul a chodhladh agus an leanbh do fhághaint i glíabhán i lár an úrláir agus go dtabharfadh siad aire dó.
Bhí ceann acu ag an dorus ar féachaint a raibh aoinne ag teacht. I lár an oidhche dubhairt sé leis an gchuid eile an seimné do fhaire mar go raibh duine éigin ag dul suas ar dhian an tighe. Taréis tamaill chonnaiceadar lámh mór dhubh ag teacht anuas an seimné. Do tharraing Fionn a chliamh agus do bhain sé an lámh de, ach annsan tháinig lámh eile anuas agus do sguib sé an leanbh sar ab fheidir é feiscint.
Ní raibh a fhios ag na fir annsan cad a dhéanfadh siad, ach dubhairt Fionn go raibh caisleán mór árd, amuich sa bhfairrge agus go mbíodh sé ag luascad i gcómhnaidhe agus nár bhféidir le aon long teacht i ngiorracht trí deich de míltibh [?](leanann ar an chéad leathanach eile)