Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Sprideanna Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear sa pharóiste seo roimh an aimsir a deineadh an bóthar nuadh agus bé gnó a bhí aige ná ag rith an phuist ó Bheanntraighe go Béara. Bhíodh capall aige úaireanta agus úaireanta ritheadh sé gan aon chapall é. Ins na laethanta gairide bhíodh tamall de'n oidhche caithte sar a shroisfheadh sé ceann a riain, agus tríd na cnocaibh a bhíodh an chuid is mó de'n bhóthar.
    Oidhche des na h-oidhchantaibh núair a bhí sé ag dul thar an gcnoc do buaileadh púca air. Bhí poll gairbéil in aice leis agus dubhairt an púca "Luig isteach annso mar tá an sprid ag teacht". Thugadh an fear sé "pistol" i gcomaidhe leis ar eagla e robáil. Níor bhfada go dtainig an sprid ar a aghaidh amach. Bhí fiachla móra fada aici agus cóta ruadh-doighte agus d'fheach sí ana árd le feachaint uirthe, rontuig sí ar fhear an phuist nuair a tháinig sí ar a aghaidh amach. Tharraing sisean a "pistol" amach agus chaith sé léi agus bhain sé an corrán iochtar de.
    "Seadh" ars an púca "do dheinis do ghno go maith, tar annso agus tabharfhadh ar mo dhrom go deireadh do riain thu" agus do dhein.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamus Bléic
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Conchubhar Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 70
    Seoladh
    An Cheapach Liath Thuaidh, Co. Chorcaí