Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 116

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 116
  3. XML “Buachaill Óg a Cailleadh, A Mháthair ag Caoineadh is ag Glaoch air, Tagann sé chuici san Oíche le Dua”
  4. XML “Seanscéal - Síobháinín agus Diarmuidín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lánamha i nDoirín fadó ar a dtuigtí Siobháinín agus Diarmuidín. Bhíodar ana bhocht agus ní raibh aon pháirc ná talamh acu. Bhí mac amháin acu agus nuar a bhí sé ana óg d’imigh sé soir go Beat Óg ag obair. Lá amháin bhí sé ar an dtráig ag obair agus bhuail tinneas éigin é agus chuaidh sé a chodhladh.
    Ar maidin bhí sé marbh. Maidin Domhnaig a beadh é agus ní chualaidh an mháthair aon nídh gur chualaidh sí an sagart ag cur a ainme fé dhruinn phobail. Bhí brón mór uirthe agus gach áit a théigheadh sí i na dhiadh sin bhíodh sí agus ag glaodhach air. Lá dá raibh sí ag baint fionáin bhí sí mar an gceadhna agus sheasaimh sé ós a cómhair amach agus dubhairt sé léi gan gol a thuile ach paidreacha do rádh ar a shon.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann