Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Leathanach 140
- XML “An Nollaig - Sean-nósanna, seanscéalta etc ag baint léi”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche Nodlag:Fadó sé dinnéir a bíodh acu lá Nodlag na colmóirí agus ím leacuighthe ortha. Ní bhíodh aon coinnil aca acht aon ceann mór amháin. Leigidis an coinneal sin ar lasadh agus an teine leis agus dhúisidís maidin lá Nodlag. Tugadís caorthí cuillean isteach leis agus bíodh béile breágh aca lá Nodlaig agus ní bhíodh an oiread san aca ar feadh na bliana airís.
Oidhche Nodlaig cuiridís síos bloc mór adhmad sa teine agus choimeadís an píosa de ná dóightí agus lasadís é nuair a bíodh stoirm nó tórnach ann. Oidhche Nodlaig chuiridís an coinneal isteach i dturnap agus bíodh lámh ag an líon aige go léir agus an fear a tige a lasadh.Óm shean athair a fuaras iad seo, tá sé 76 do bhliantaibh anois.Pádraig O Donnabháin- Bailitheoir
- Pádruig Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann