Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chrothadh.
Do théigheadh Seán ag sgoruidheacht gach aon oidhche airís. An oidhche 'na dhiaidh san do bhí sé ag sgoruidheacht mar ba ghnáth. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do bhí sé ag déanamh amach ar a h-aon-dhéag a chlog san oidhche.
Nuair a bhí sé ag gabháil thar an leasa d'airig sé an gol is an lógórieacht go léir.
Do stad sé ar an mbóthar ag éisteacht leis an ngol agus leis an lógóireacht.
Leis sin do tháinig púca amach agus do rug sé greim air, agus do thug sé leis isteach sa lios é agus nuair abhí an solas ag taithneamh ar Sheán d'aithnigheadar é agus do thugadar go léir búirt uathbhásac asta agus do thosnuigheadar ag bualadh a basa le chéile.
"Á" arsa'n púca a rug air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí