Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ag baint féir lá. Ar a theacht abhaile dho do bhí sé ag tosnú ar bheith dorcha. Do bhí cómhgar ag dul ó'n mbóthar go dtí a thig. Nuair abhí sé chun an chómhgar a thógaint do chonaic sé bean ann.
Thuig sé nárbh' aon bhean saoghalta í. Tháinig eagla air agus chuaidh sé do dtí póirsín abhí ann. Bhí an bhean ansan leis. Tháing sé thar-n-ais go dtí an cómhgar ach má tháinig do bhí sí ansan airís. Bhí fearg ar an bhfear ansan agus dubhairt sé "Fág an áit sin a dhiabhail" Níor fhág an Sprid an áit gan dabht. Bhí speal 'na láimh ag an bhfear agus do thosnuig sé ar an Sprid a bhualadh leis. Do thuit an cláirín ar an dtalamh.
Thóg sé suas airís é. Bhí sé ró-mhaith de'n Sprid agus do rith sé, ach an lámh 'nar thóg suas an cláirín léi bhí sé ana thinn, ach do leigheas an Sagart an lámh do.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí