Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí Rígh ann uair agus do bhí triúr mhac aige. Do thárla gur buaileadh breoite an Rígh agus do chuaidh an mac ba shine isteach cuige féachaint conus abhí sé.
Dubhairt an Rígh leis nách raibh sé ar fóghnamh in-aon-chor, agus ná beadh sé go maith airís mar go raibh rud éigin ag déanamh buadhartha dhom agus d'fhiafrug a mhac de cad é an rud abhí ag déanamh buadhartha do.
Dubhairt sé leis an mac nách raibh a fhios aige ciacu ba ghiorra dho an t-aer abhí ó's a chionn nó an t-aer abhí fé. Dubhairt an mac leis go ndéanfadh sé féin a dhícheall chun é sin a fhagháil amach do.
Lá'r 'na mháireach do chomáin mac an Rígh leis ar an mbóthar agus droch-chulaith éadaig air. Níor stad sé de'n siubhal go dtí go dtáinig sé go dtí pálás Rígh eile.
Do chuaidh sé isteach agus d'iarr sé obair ar an Rígh. D'fhiafhruig an Rígh de cad é an obair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí