Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 240

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 240

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 240
  3. XML “Paidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bean críonna 'na cómhnuidhe i mBaile Mhic - Íar fadó Do bhí sí 'na h-aonar sa tig agus do thagadh an Sagart cúichi anois is airís chun an Cumaoine Naomhtha a thabhairt di. Dubhairt sí leis an Sagart go raibh eagla uirthi go bhfahadh sí bás 'na h-aonar, agus ná beadh aoinne ann chun í a leagaint amach. Dubhairt an Sagart léi an paidir seo a rád gach aon oidhche roimh dul a codhladh dí agus nár baoghal ná go n-ollmhóchfaí di pe' cu a bhfaghadh sí bás 'na h-aonar nó ná faghadh, sé seo an paidir a deireadh sí:-
    "Is mithid dom dul im' dhúthaig
    Fios na húda ána dhánta,
    Go dtigidh an Aingeal coimheachta im' fhacair
    Chun mé a chosaint óna námhdaibh
    Go dtigidh Muire is a banntracht
    I dtaobh is gur taidhbhseach iad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí