Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus fear greannmhar dob' eadh é, ní dheineadh sé gnó Dé moladh go deo leis ná ní dheineadh sé obair an diabhail.Do bhí sé pósta agus Siobhán ab' ainm d'á mhnaoí agus do bhí triúr inghean aige. Do bhí sé ana channcarach. Ní théigheadh sé go dtí an t-Aifreann ná chun faoisdine ach mar sin fhéin ní raibh sé chómh h-olc in aon-chor, mar munar dhein sé gnó Dé, moladh go deo leis níor dhein sé obair an diabhail ach chómh beag agus ní dheineadh sé aon peaca.Aon lá amháin do bhí sé ag teacht abhaile agus do bhí sé ag dul thar abhainn agus nuair a bhí sé leath-slíghe treasna do eirig tuile mór san abhainn agus do bhí an fear bocht ar baoghal a báidhte.Do bhí eagla an domhain air agus ansan do chuimhnig sé ar Dhia agus dubhairt sé "Fear maith iseadh Dia." Ar ball do chuimhnig sé ar an ndiabhal(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí