Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhíodh an breoiteacht ar a nglaodhta[r] an t-éagcruas ana coitchianta fadó. Do bhí[odh] mná áirithe ag dul timcheall ag tabhairt aire de na daoine breoidhte agus ansan nuair a gheibheadh duine bás do dheinidís caointe ó’s a gcionn.
Uaireannta d’fhanaidís mí nó dhó in aon tig amháin. Do bhí an bhean mar seo i dtig uair’na raibh duine breoidhte ann. Do chasadh an sagart uirthi lá agus d’fhiafhruig sé dí an raibh an fear marbh[.] Seo mar a fhreagair sí é: -
“Mo chreach fada géar guirt
Is is fearr atá a fhios agat ná agam,
Mar is fíon duit é is puins
Is airgead bán id’ cliabh.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí