Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- XML Leathanach 085
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean críonna 'na cómhnuidhe i mBaile Mhic - Íre fado. Do bhí alán airgid aici. Do bhí sí 'na cómhnuidhe 'na aonar, agus do thagadh an Sagart cúicí anois is airís chun an Comaoine Naomhtha a tabhairt di, mar do bhí sí ró-chríonna chun dul go dtí an Seipéal.
Do bhíodh sí i gcómhnaidhe 'á rádh leis an Sagart go raibh eagla uirthi go bhfaghadh sí bás 'na h-aonar, agus ná beadh aoinne ann chun í a leigint amach. Dubhairt an Sagart léi an paidir seo a rádh gach aon oidhche roim dul a codhladh dí agus nár baoghal ná go leogfí amach í ciacu a bhfaghadh sí bás na h-aonar nó ná faghadh. 'Sé seo an paidir a deireadh sí:-"Is mithid dom dul im' dhúthaig
Fios na húda óna d'ánta
Go dtigidh an Aingeal cóimhdeachta(leanann ar an chéad leathanach eile)