Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar dtúis.
"Is tusa an duine do bhuail orainn an oidhche fé dheire nuair a bhíomar ag iomchar an chómhrain" ar seisean "Is mé" arsa Seán.
"Cad a dheinis leis an gcómhrainn?" ar seisean leis "Nuair a bhíos leath-slíghe chun na Roilge" arsa Seán "d'eirigheas turiseach de'n chómhrainn agus do leigeas síos ar an gclaidhe chun sos a thógaint" ar seisean. "D'airigheas rud éigin ag corruighe istig ann agus d'oscaluigheas é agus cad a bheadh istig ann.
Ach cailín gleóite deas agus thógas amach as an gcómhrainn í agus do thógas abhaile í.
Bhí aon locht amháin innti" arsa Seán "sé sin ní fhéadfadh sí caint. An oidhche 'na dhiaidh san do chuadhas ag sgoruidheacht airís agus nuair a bhíos ag teacht abhaile.
Ag gabháil thar na h-áite seo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí