Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)domhann. Chuaid sé agus theasbáin sé dhá mhuinntir í. Do fhliuch sé le deóra í agus do thriomhuig sé le pógaí í agus más thios a fuair sé í is t-shuas a d'fág sé í. Phós siad annsin agus bhí bainis coicís aca teine mhíosa agus gríosach bliadhna. D'fan sé tamall ó'n gcladach annsin agus bhí áthas mór ar a atair agus dubhairt sé a bheith cinnte gan a ghabhail in-aice leis an gcladach níos mó mar deir sé nach raibh i Mac ubhall Óir Rí in-Éirinn acht draoideóir. Acht mar sin féin chuaidh sé ag an gcladach aríst agus bhí Ceathrú Aile caol cruadh ann roime. Tá sé in-am agat a theacht nó cá raibh tú le fada. Cuadar ag imirt annsin agus do bhuaidh Ceathrú an Aile. "Tabhair do bhreith anois". Cuirim go bhreith orth gan dhá bhéile a ithe ar an mbord go bfáige tú fios claibhe soluis an t-aon sgéal agus an ain-sgéal a thabhairt in mo(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Chúláin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Seoladh
- Coisméig Mór, Co. na Gaillimhe