Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)domsa. mar a ndéanfa tú sin bainfid mé an cloiceann dhuit, acht tiúbhradh mé spás bliadhna dhuit. Nuair a tháinic sé abhaile d'innis sé an sgéal dhá mhuinntir. A deir an t-athair bhí fhios agam-sa nach raibh annsin acht draoideóir. Dubhairt an bhean leis go mbhfearr dhó fanacht ráithe eile, acht beigin dhó fanacht ráithe eile nuair a bhí trí ráithe thuas aige thugh sé leis a chapall agus dubhairt a bhean leis go d'tiúbhradh an capall sin go dtí a muinntir fhéin é. Nuair a thíocfas tú isteach ins an teach tá caothair ar an taobh ó dheas ar a dhul isteach dhuith Thóg síos leat í go dtí an teine agus suid síos uirthe agus nuair a shuideas tú síos uirthe tosochad siad ag caoinead mar níor shuidh aon duine uirthe ó shuid mise uirthe. D'imhthigh sé leis nó gur shroit sé an áit. Nuair a chuaidh sé isteach rug sé ar an gcaothair agus thug sé síos go dtí an teine í agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Chúláin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Seoladh
- Coisméig Mór, Co. na Gaillimhe