Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 237

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 237

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 237
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán Sgeal
    Bhí fear as Cnuc-a-Caochán posta ar bhean as a Bhráid fad o shoin agus bhí seisean ag fanacht i gCnuc-a-gCaochan mo bhí sé ag obair ar an mbothar iarann san am. Ar chuma ar bith thiocfadh sé anuas gach oidhche Shatharn agus ní phillfead sé arís go dtí maidín Dia Luain. Eadar Cnuc-a-Caochán agus an Bhráid tá loch ar a dtugtar Loch-a-Mhuilinn agus bhí seisean abalta ceann na locha a leimnughadh gach Satharn nuair a bhéadh sé ag teacht anuas acht ag dul suas do maidín Dia Luain ní raibh sé abulta an cleas seo a dhéanadh ar chor ar bith. Bhéadh air siubhal fríd an uisge. Ní raibh sé abhfad go bhfuair na comharsainí seo amach agus cuir fear dobhtha ceist air lá amháin cad chuige nach raibh sé abulta ceann na locha a leimnughadh ar maidín Dia Luain agus dinnis se do nach raibh sé ag fághail a’n ghreim le h-ithe ar an Bhráid fad agus bhéad sé ann i go raibh a bhas tugtha leis an ocras. Bhal arsa an fear seo béidh mise leat an Satharn seo cughainn agus abair thusa gur bacach atá ionnam agus tcifidh tú rud éiginteacht ma leigeann sé isteach me. “Maith go leor” arsa fear Cnuc-a-Caochan.
    Tháinig an Sathairn agus dimthigh siad leo, tháinig go dtí an teach agus arsa fear Cnuc-a-Caochán “An dtig leat loistín na hoidhche a thabhairt do’n bácac seo”
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)