School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 063

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 063

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 063
  3. XML “An tAmhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An tAmhrán (continued)

    Nach moch ar maidin leis an lá bán

    (continued from previous page)
    bhéarfadh sí ól do na céadtaibh
    Agus féasta ró-mhaith le caitheamh
    Nach é Meireacá an talamh aibhinn
    A deachaidh Seán ann is M'leachlainn
    Tá ór garbh buidhe ann agus Green Banks go fairsing,
    I's go bhfuil ól ag na céadthaibh ann
    Á'm (ó'n) Dómhnach seo chuaidh tharainn
    (Sé Sin an Dómhnach a ndeachaidh síad i dtír)
    Ní raibh Antoine acht ag iarraidh a bheith ag cuimhniú ar an amhrán. Ní ró-mhaith a d'éirigh sé leis do réir cosamlachta.
    Mleachlainn Crosach Ó Gacháin a chum an tamhrán sin thuas. Chómhnuigh sé i gCeann Ramhar timcheall céad bliadhan ó shoin. Bhí sé déanamh poitín. Agus b'éigin dó na bogaidh a thógáil air fein agus an (na) revenue na dhiaidh. Bhí Seán Mac Dhonnchadha (a' Conach) leis go Meireacá. Ba uncal é do Sheán a'Conach atá beó i nGaoth-Sáile go fóill agus atá anois céad bliadhan de Aois.
    Tá sé céad bliadhan ó cumadh an tamhrán i dtoiseach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Thámhais
    Gender
    Male
    Informant
    Antoine Ó Muinchille
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    67
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Ceann Ramhar, Co. Mayo