School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 090
- XML “An Ceantar Seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhá cheann deug i gceann ramhar agus 8 i mbun a' Phollaigh.Na tighthe
Ní'l ins an ceanntar seo anois acht corr theach a bhfuil ceann tuighe air. Fiche bliadhan ó soin ní raibh teach ceann-slinne ins an áit, Tháinig Bord na gCeanntar gCumhang agus thógadar tighthe ceann-slinne i nDubh-Thuama agus Cnoc na Móna. Le dhá bhliadhaín chuaidh an riaghaltas ar aghaidh go han-aibéil leis na tighthe úra agus is mór an t-iongnadh é teach ceann tuighe fheiceál fá láthair.
Tuairm 60 bliadhan ó shoin ní raibh i dTulachánBán acht deich dteaghlach. Is seo íad ainmneacha na ndaoine: O Muinchille, O'Hinneírghe, O Gamhnáin, Mac Cárthaigh, O Conamhacháin, Breathnach, O Donnchadha, O Gacháin, Mac Cailpín, Mac Eachmharcaigh agus Mac Suibhne.
Bhí talamh portaigh le cois an bhothair. Gearradh an mhóin agus shocruigh clann na ndaoine ar an talamh a bhí fágtha. Talamh chuir[?] atá san talamh uilig atá cois an bhóthair fá láthair. Tuairim 50 bliadhan ó shoin a rinneadh an bóthar atá ag dul tríd an bhaile, roimhe sin ní raibh aca acht sean-bhealach nach bhféadthá cairt nó carr a thabhairt air. Tá míle punt leagtha amach anois le deis a chur air.Na Daoine i dTulachán Bán.
Thainig muinntear Chonamhacháin anios as Inbhear baile in aice le Béal a Mhuithrid. Thainig Muinntear(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Informant
- Micheál Ó Conamhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo