School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 109

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 109

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 109
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dá ghoire dhuit do léine is goire dhuit do chraiceann

    Bhrisfeadh an seagal a chroidhe mar mbeadh sé i gcraobh lá'l Sin Seóin

    Biodh duil le Dia agat i's ní fheallfaidh Sé ort

    Ceo na gcnoc, ceo an donais; ceo na n-abhann ceo an t-sonais

    Sin sgéal Earraigh (sgéal nach bhfuil fior)

    Ronnach, roc, agus rón na trí nidh is luaithe sa bhfairrige

    An fear nach bhfághann an fheóil is mór an sógh dó an anbhruith

    Na trí nidh nach feídir a mhúnadh - guth beíl, féile, agus filidheacht

    Na trí nidh nach féidir meabhair a bhaint asta - obair na mbeach, inntleacht na mban, teacht agus imteacht na taoide.

    Go gcuiridh tú súith air (nuair a bhéas tú deanamh tighe)
    - Mar a raibh tú i dteach a' bhidh bí san san teach le n-a thaobh

    Is milis d'á ól, is searbh dá íoc
    Ná bain le geis agus ní bainfidh geis leat
    Nior luigh caoirigh i n-áit contráilte ariamh
    Is láidre é ná Dia an té a chuirfeas fad siar as a theach

    (Nior chuir mé annseo acht sean-fhocla a chualaidh mé ó mhuinntir na h-áite)
    Micheál Mac Thámhais, O.S.

    Ní ó'n ngaoith a thóig tú é acht ó nádúir na ndaoine
    Ní fháightear saill gan saothar
    Cogadh na ncarad ní bhíonn sé buan
    Téidheann an umhluigheacht ar an ngeineamhaint

    (Tá míniú an t-sean-fhocail seo i sean-sgéal a gheobhas mé aríst)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Thámhais
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir