School: Learga na Saorthach (roll number 14888)
- Location:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Teacher: Cathal Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)déirc ar bith do Murchadha Beag.
Lá amháin dubhairt Murchadha Beag le na mnaoi go raibh sé ag imtheacht ag saothrughadh a chodac. Rinne a bhean réidh lón aráin dó agus d'imtig sé. Shiubhail sé leis go raibh neoin beag agus deireadh an lae ann. Sa deireadh chonnaic sé solas fá ghíota dó, agus tharraing sé air. Chonnaic sé gur teach a bhí ann. Chuaidh sé isteach. Ní rabh duine ar bith ins an teach, acht bhí gríosach teineadh thíos [< shíos?], agus bhí neart bidh agus dighe ar an tábla.
Chuaidh sé suas na teineadh agus théig sé é fhéin. Annsin chuaidh sé anonn na tábla, agus d'ith a shaith acht bá chuma caidé'n méid a d'itheadh sé bhéadh an méid céudna ar an tábla as bhí ariamh. D'amharc sé thart go bhfeiceadh sé caidé'n cineál toighe a bhí ann. Chonnaic sé go rabh sraith barraillí aníos cois an bhalla. Smaoitigh sé annsin go m'bféidir go dtiocfhadh dream eiginteacht isteach agus bur b'fheárr do a ghabhail i(continues on next page)- Collector
- Anná C. Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Address
- Abhainn tSeiscinne, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Ghoill
- Gender
- Male
- Address
- Abhainn tSeiscinne, Co. Donegal