School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 255
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Bhí fear na chomhnuidhe ins an pharaiste seo aon uair amháin agus is fada ó bhí agus bhí sé iongantach bocht.

    (continued from previous page)
    Gabh thusa go dtí an aonach in Árd-An-Ratha leis an bhó agus díol í agus ma bheireann tú leath an t-airgead domhsa béidh mé sásta.
    Dheanfaidh mé sin cinnte arsan fear agus fáilte agus dimthigh an siriam abhaile. Agus nuair a tháinig lá an aonaigh in Árd-An-Ratha d’imthigh sé leis ag tarraingt ar Árd-An-Ratha. Bhí sé ar an aonach no go rabh an oidhche dubh ann agus shil sé nach rabh mhaith a bheith ag fanacht níos fuide no nach ndíolfadh sé í. No níor chur duine ar bith ceist no fiafruigh air cá rabh sé ag gabháil leis an bhuin. Sa deireadh bhuail tart agus ocras é agus bhí sé ag éirghe mall. Agus shíl sé go mbearr do ghabhail un a bhaile.
    D’fhag sé an aonach na dhiaidh agus do thug sé a aghaidh ar an bhaile.
    Tharla go rabh sé ag gabhail thart leis an teach a rabh an siriam na chomhnuidhe. Tháinig an siriam amach agus chur sé fáilte roimhe agus chur ceist air cá mhéid a bhfuair sé ar an bhó. Dubhairt seisean nar chur aon dhuine ceist no fiafruigh air cá rabh sé ag gabhail leis an bho no cé mhéid a bhí sé ag iarraidh ar an bhó. Anois arsan siriam nuair nar dhíol tú an bhó agus nuair nar thug tú domh leath an caithfidh tú é a thabhairt domh dóig éiginteacht no ba é sin an margadh a rinne muid cupla lá ó shoin. Mas mar sin atá arsan fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghoill
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Cnoc an Cheo, Co. Donegal