Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Donegal
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Scéal fá Shiógaí”
  4. XML “Scéal Eile fá Bhunadh na gCnoc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Scéal eile fá bhunadh na gCnoc.
    Bhí lánamhain ann fad ó shoin agus nuair a bhí siad seal pósta rugadh cupla páiste gasúr. Nuair a bhí na páistí ráithche de aois d'fhág bean a' toighe in-a gcodladh iad sa chliabhán agus d'imigh sí 'un tsiopa. Ar theacht abhaile arais duithe d'amharc sí sa chliabhán agus d'aithin sé nárbh é a cuid páistí fein a bhí ann. Ní rabh gar ann ní rabh athrughadh le fághail agus nuair a tháinig a fear abhaile d'innis sí dó caidé mar bhí. Dubhairt sé léithe nach rabh neart air agus go gcaithfead sí cur suas leis. Da réír mar bhí siad ag fás bhí siad ag éirigh diabhalta agus ag gabhail i n-anás go dtí trathnóna amháin nuair a thainig fear siubhail isteach agus d'iarr lóistín uirthí go maidín. Dubhairt dí go dtabhairfead agus céad fáilte. Nuair a thainig fear a' toighe isteach agus rinne siad an suipéar. Bhí an fear siubhail ag coimhead an chliabháin i dtolámh . Annsin chóirigh siad sráideóg don fhear bhocht agus chuaidh siad a luighe. Maidin lá thar na bhárach ghleas an fear bocht air agus nuair a bhí sé ag imtheacht thug sé leideadh do fhear a' toighe é a leanstan amach. Rinne sí mar d'iarr sé uirthe. Nuair a chuaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.