Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Donegal
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 180
- XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sceal fá Bhunadh na gCnoc.Nuair a túsaigheadh ar chaisleán Uí Domhnaill fada ó shoin i nDún na nGall, an cheud lá a chuaidh na saorthaí cloiche a dh'obair, an méid
a rinne siad an lá sin bhí sé leagtha lá thar na bhárach go talamh. Thúsaigh siad an darna lá agus d'obair siad leobhtha. Ach nuair a thainig siad lá thar na bhárach arís bhí an mhéid sin leagtha fosta. Chuaidh siad i n-a chionn an triomhadh lá agus d'obair leobhtha. An trathnóna sin go mall thainig fear fhad leobhtha agus dubhairt gurab olc a bhí
siad ag teacht 'un tosaigh le n-a gcuid oibre. Dubhairt fear de na h-oibridheannaí leis gur dhoiligh daobhtha a theacht 'un tosaigh agus an méid a bhí dhá ndeánadh sa lá dhá leagaint san oidhce.
Dubhairt an fear seo leobhtha dá ndéanad siad a chomhairle-san nach leagfaidhe níos mó. Dubhairt
siad go ndéanfadh agus fáilte.
"Suidhigidh anocht," arsa an fear, "agus coimheadaigidh é agus nuair a
tcidhfeas sibh triúr fear ag teacht leigigidh daobhtha go rabh siad ag taoibh na n-hibre.
Abairigidh leobhtha na focla seo déarfas mise.
"Coiscéim corrach ar chlochán, bunán buidhe ar leana, laoidh cumainn na beatha, sé mur
mbeatha i n-aoinfheacht” go bhfeicidh sibh caidé éireochas díbh. Gheall na fir dó go ndéanfad.
An oidhche sin shuidh na fir agus anonn go maith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94