School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 182
  3. XML “Scéal fá Chonall an Chró Bháin”
  4. XML “Scéal fá Fhear a Bhí ina Chónaí ar an Chríbhínn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé ar an uisce choisreactha agus chraith sé air arís é. D'imigh an droch-rud uaidh arís agus bhí sé ar an dóigh sin go dti go rabh an t-uisge coisreactha ar bhealach a bheith reaithte. Nuair a chonaic an fear go rabh an t-uisge coisreactha a ghabhail a reathaidh amach thug sé aghaidh leis ar bhraon agus chaith san dabhach é ag déanamh go mbéadh a shaith aige annsin. An scread a chuir an diabhal as níor fhág sé a chloigeann gur fhuaraigh an bás a bheal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sceal fá fhear a bhí i n-a chomhnuidhe ar a' Chríbhínn.
    Tá seal bliadhantach ó shoin bhí fear i n-a chomhnaidhe thuas ar a' Chríbhínn agus choinnighead sé cíonadh mór caorach. San am sin ní bhíodh ann ach Aifreann an mheadon[?] lae Dia Domhnaigh . Bhi sé na ghnás déanta aige a ghabhail 'na chnuic i dtólamh roimhe am Aifrinn. Aon Domhnach amháin d'éirigh sé go luath ar maidín agus chuir sé roimhis féin go mbéad sé amach as Fothar Fhraoich le ghabhail 'un Aifrinn. D'imigh sé agus chuaidh sé a ghéarradh a n-uile aithghiorra a ba ghaiste a bheirfead arais é. Shiubhail sé leis nó go dteachaidh sé anonn go dtí an áit a dtugann siad an droch-shruthán air. Ni rabh ann ach aon bhealach amháín a dtiocfadh leis a ghabhail nuair a thainig sé fhad leis an droch=shruthán. I gceart lár an bhealaigh sin bhí bean i n-a suidhe agus páiste óg i n -a hucht aice. Labhair sí agus d'fiafruigh sí dó ca rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Cheapach, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Seaghain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    94