School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 221
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-Sceal
    Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fear agus bean i n-gcomhnuidhe i dteach bheag. Bhí morán páistí aca agus mar sin bhi siad an bhocht. Ní raibh greim le n-ithe nó le n-ól aca i n- amannaí agus ní rabh bealach aca éadaí nó rud ar bith a cheannacht.
    Oidhche amháin thainig scáirt 'an dorais. Chuaidh an fear amach agus chonaic sé sagart i n-a sheasamh taobh amuigh. Dubhairt an sagart gut mhaith leis é a theacht leis tamall a dh'obair agus go dtabhairfead sé páighe mhaith dó. Dubhairt an fear bocht go rachad sé
    leis. "Seo," arsa an sagart, "caithfidh mé dallóg a chur ar do shúilibh." "Maith go léor," arsa an fear, "Déanfaidh mé rud ar bith ach airgead a fhághail," Chuir an sagart an dallóg ar a shúile agus shuibhail siad leobhtha giota mór fada nó go dteachaidh siad fhad le caisleán mhór agus chuaidh siad isteach i seomra mhór. "Anois" arsa an sagart, "Seo do chuid oibre." Sin píopa atá le cóiriughadh agus nuair a bhéas sé déanta agat. Béarfaidh mé dhá phíosa óir duit." Nuair a bhí aithne an lae ann thug an sagart an dá phíosa óír don fhear agus thainig sé 'na bhaile.
    An oidhche sin thainig an sagart fá n-a dhéin arais. D'imigh siad leobhtha go dtí an áit cheadna agus nuair a bhi píopa eile cóirighthe ag an fhear d'iarr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghan Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Mór, Co. Donegal