School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 250
  3. XML “Síscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siodh-Sceal
    Bhí giorrsach i n-a comnuidhe i Malainn Bhig uair amhain agus theighead sí na chnuic i n-uile lá leis an eallach. D'imigh sí an lá seo agus níor chuir sí an t-uisce coisreactha oirthí -fein nó níor dhubhairt sí paidir.
    D'imigh sí leíthe agus nuair a bhi sí thuas giota fada smaoinigh sí go rachad sí go bruach na fairrge. Thainig sí go bruach agus d'amharc sí sios ar an traigh. Chonnaic sí annsin trí gasúraí agus trí giorrsachaí, camán ag achan duine aca agus iad ag imirt ar an tráigh. Chuir siad cathughadh uirthe agus chuaidh sí síos ionns-ortha. Nuair a bhi sí ag tarraingt ortha chuaidh siad uilig isteacah san aillt. Lean sí isteach iad. Chonnaictheas duíthe go rabh sí istoigh sa teach a ba deise a chonnaic sí ariamh. Ní rabh duine ar bith sa teach ach seanbhean. D'eirigh an t-seanbhean agus thug sí ceapaire duíthe. Le sin thainig bean eile isteach a thug buille do'n arán amach as laimh na giorrsaighe. Annsin bheir sí greim gualann uirhte agus chuir amach ar a'doras í. D'fhá sí an giorrsach thuas ar bharr na h-aillte agus arsa sise leíthe, "Is beag a shileas d'athair agus do mháthair gur bhain tú siubhal asam-se as Connachta indiú." Chuir sí a lámh ann a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Brian Ó hEigceartaigh
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal