School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 171

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 171
  3. XML “Scéal fá Chnoc Laoin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal fa Chnoc Laoin
    Tá seal fada ó shoin bhí cúigear deártharach i n-a gcomhnuidhe ar a' Mhullach Mhór agus bhíodh siad go síorraidha ag iasgaireacht le cheile. An fear a ba sine de na déarthatacha phós sé is chuaidh sé a chomhnuidhe i dteach leis féin. Bhí an ceathrar eile i n-a gcomhnuidhe leis an mháthair mhóir. Bhí a n-athair agus a máthair marbh. Aon mhaidín amháin agus iad ag iascaireacht gliomach tháinig fear de na déartharacha a mhuscladh an fear a bhí pósta nó go rabh siadsa réidh anois aagus go rabh siad ag tarraingt ar a' chladach. D'éirigh an fear pósta de léim sa leabaidh agus chuir anscillead sa teine. Ansin
    chuaidh sé a chur air a chuid éadaigh co n-achmur is thainig leis.
    Nuiar a bhí an scilleád ag fiuchadh agus é a ghabhail a chur gráinín taae air thionntuigh sé agus dóirteadh é líon sé athuair é agus chuir ar an teinidh e leise imtheacht i n-a chroscadh. Nuair a bhí sé a ghabhail a fhiuchadh ath-uair thionntaigh sé arais a dóirteadh é. Bheir sé arais go feargach air agus chuaidh sé a chur braon uisce ann. Nuair d'amharc sé amach ar a' doras bhi an bád ar shiubhal ón chladach. Dubhairt sé le n-a mhnaoi annsin go bhféadfad sé a am a ghlacadh anois nó go rabh sead ar siubhal. Ní rabh an briocféasta deánta aige
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Cheapach, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Seaghain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    94