School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 216
- XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sceal fá Bhunadh na gCnocBhí fear i n-a chomhnuidhe i n-iochtar tíre tá fada ó shoin. Bhi morán capall aige agus bhíodh siad ag inigilt thios chois na farraige. Oidhche amháin indiaidh a shuipeára chuaidh sé síos fá dhéin na gcapall acht ní thiocfadh leis a bhfágháil. Sa deireadh mhothuigh sé glór beag ar a chúl ag rádh,"Fág beathach damh-sa. Fág beathach damh-sa fosta." Le sin bhi sé i n-a shuidhe ar dhruin beathaigh agus cnap de na daoine beaga ar bheathaigh fosta. Thúsaigh an rása. Léim na beathaigh taire shleibhte agus thaire ghleanntaí nó go rabh páirt mhór de Éirinn siubhalta aca. Bhi siad thiar i gConnachta agus thios sa Mhumhain. Agus ar maidin lá thar na bhárach fágadh an fear sin san áit cheadna a dteachaidh se ar dhruim beathaigh an oidhche roimhe sin. D'amharc sé thart agus chonaic sé na beathaigh a bhí sé a chuartughadh an oidhche a dtainig an sluagh sidheóg air. Thug sé leis abhaile iad is níor chuir sé a ingilt chois na trágha iad ariamh i n-a dhiaidh sin.
- Informant
- Seaghan Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal