School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 197

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 197

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 197
  3. XML “Síscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Síodh Sceal
    Bhí fear ann fad o shoin agus ba as Teileann é. Maidín amháin comh luath is d'imigh na realtógaí de'n aer thug sé leis a shlat iasgaireachta agus níor bhain sé a mhear de na shróin gur shroich sé an ball talaimh a dtugtar Tón an Oileáin Ruaidh air. Tharraing sé air a shlat is chuir le n-obair í.
    Chuaidh sé a d'iasgaireacht ach nuair a bhí sé tamall maith ag iasgaireacht bheir beathach as a dhubhán. Tharraing sé isteach a dhoruga agus caidé a fuair sé ach leitheóg ghorm. Bhi iongtantas air anois oír ba adhbhar iongantais é. Le sin mhothuigh sé an ceol a b'fhíor bhinne a mhothuigh sé ariamh. Nuair d'amharc sé thart tcídh sé an cailín ag seinm ar ghleas ceoil agus í ag sgairtigh aníos air. Thug sé thart a cheann arais aagus caidé tcídh sé ach sean-chailleach chríon chaithte agus í ag cur achan eadaí [?] ghránna uirthe féin.
    Sgrannaigh sé nuair a chonnaic sé seo ach le sin túsuigheadh a chathadh na ndartán air. Nuair a bhidhthear tamall maith a gcathadh air mhothuigh sé an glór shuas ós a cheann ag iarraidh air a bheiste a thionntadh nó go mairbhfidhe é. Rinne sé seo. An bomaite a bhi an bheiste tionntaighte stopadh den chathadh agus nuair d'amharc sé thart ní rabh aon dath le feieáil ach an spinnc mar bhi sé ariamh.
    Nuair a chuaidh sé a thabhairt leis an t-iasg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit Nic Giolla Chearra
    Gender
    Female
    Age
    62
    Occupation
    Bean iascaire
    Address
    An Baile Mór, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Mac Lochlainn
    Relation
    Parent
    Gender
    Male