Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Donegal
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 186
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé é. D'éirigh an fear coimhthigeach, siubhail amach agus ní fhachthas an darna h-amharc air. Annsin d'fiafruigh an Rí de'n mhac ba sine an rachadh sé ar siubhail 'um Domhain Thoir féachail(t) a' bhfuighead sé é. Dubhairt an mac go rachadh agus failte dá gcuiread sé neart lóin leis agus pighneacha maithe costais. "Gheobhaidh tu neart," arsa an t-athair, "cé aca is fearr leat tuirtín beag agus mo bheannacht nó tuirtín mór agus mo mhallacht." "Tá mé dona go leor," arsa an mac, "agus an tuirtín mót a fhághail."
Ar maidin lá thar na bhárach go leor a luathas[?] rinne sé réidh agus fuair neart costais. Thug sé leis lón agus chuaidh i gcionn a't-siubhail. Shiubhail sé leis nó go dtainig sé fhad le crois bealach. Smaoining sé go n-iosfad sé giota de'n arán agus shuidh sé síos. Niorbh fada i n-a shuidhe é go bhfacaidh sé seanduine beag ruadh ag tarraingt air. D'fiafruigh an seanduine de an dtabhairfead sé do giota beag aráin nó go rabh ocras air. Dubhairt seisean nach dtabhairfead agus nach é míle amháín go rabh sé ró-ghann aige féin agus gan fios aige ca h-uair a philleadh sé. Thionntaigh an fear uaidh agus dubhairt sé ná bh'féarrde do. Nuair a d'ith seisean a dhotháin d'éirigh sé agus chuaidh igcionn a't-siubhail arais. Shiubhail sé leis nó go rabh an costas ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94