Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Donegal
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 202
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear lá amháin n-a chnuic a chuartughadh caorach. Ar a theacht n-a bhaile dó thrathnóna agus é ag teacht trasna claidhe na páirce casadh a bhean féin air. D'fiafruigh sé duithe an í a bhí ann. Dubhairt sise gurab í. D'fiafruigh sé duithe ca rabh sí nó caidé thainig uirthe. Dubhairt sí go dtainig na sideógaí uirthí Oíchdhe Shamhna agus gur thug anonn go Connachta í. D'fiafruigh sé duithe a' rabh aon dath ar a' domhan a bhéarfadh arais í. Dubhairt sí go rabh. "Tá Oidhche Shamhna ann faoi sheachtmhain," arsa sise, "agus tá muid a ghabhail a d'imirt báire i gCúige Uladh. Mar bhfágaidh tú mise an oidhche sin ní bhfuigh tú a choidhche mé. Tá trí bheathach deag le theacht agus is mise a bhéas ar an tríomhadh ceann deag. Bidh ar an talamh seo eadar an dá sholus Oidhche Shamhna agus bíodh timthire teallaigh agus aibhleog dhearg agat. Bain feag glas agus deán fáinne duithe. Annsin cuir aibhleóg isteach san fháinne agus seas ag n-a thaoibh. Bíodh an timthire teallaigh ann dó láimh dheas. Nuair a chluinfidh tu iad ag teacht seas do chuid talamh agus nuair atá an triomhadh bheathach deag ag léimnigh an claidhe buail tusa an timthire teallaigh uirthe-se agus béidh mé agat. Má fheallann do bhuille ní fheicfidh tú mise a choidhche aríst. Slán agus beannacht agat anois." D'imigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Cáit Nic Giolla Chearra
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Donegal