Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Donegal
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sceal fá Bhunadh na gCnoc
    Bhí fear i n-a chomhnuidhe i n-iochtar tíre tá fada ó shoin. Bhi morán capall aige agus bhíodh siad ag inigilt thios chois na farraige. Oidhche amháin indiaidh a shuipeára chuaidh sé síos fá dhéin na gcapall acht ní thiocfadh leis a bhfágháil. Sa deireadh mhothuigh sé glór beag ar a chúl ag rádh,"Fág beathach damh-sa. Fág beathach damh-sa fosta." Le sin bhi sé i n-a shuidhe ar dhruin beathaigh agus cnap de na daoine beaga ar bheathaigh fosta. Thúsaigh an rása. Léim na beathaigh taire shleibhte agus thaire ghleanntaí nó go rabh páirt mhór de Éirinn siubhalta aca. Bhi siad thiar i gConnachta agus thios sa Mhumhain. Agus ar maidin lá thar na bhárach fágadh an fear sin san áit cheadna a dteachaidh se ar dhruim beathaigh an oidhche roimhe sin. D'amharc sé thart agus chonaic sé na beathaigh a bhí sé a chuartughadh an oidhche a dtainig an sluagh sidheóg air. Thug sé leis abhaile iad is níor chuir sé a ingilt chois na trágha iad ariamh i n-a dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghan Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Donegal