Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Donegal
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 245

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 245

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 245
  3. XML “Síscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag gáiridhe léithe agus sa deireadh thainig sí i bhfad le coirneál na pairce seo. Caide a chonaic sí annsin ach bocsa. Bhí dhá pháiste i n-a luighe ann agus iad ag caoineaadh go h-an truaghcánta. Ni thearn sí aon dath ach a lámh a thógail agus dá ubhail a bhaint de chrann a bhí ag n-a dtaobh agus iad a shíneadh fhad leis na páisti. Ni luaithe a bhi na h-ubhallai ithe aca na d'éirigh siad comh mór dóigheamhar le aon chailín a bhfacaidh tú ariamh. Bhi siad an bhuidheach don chailín agus thug siad bocsa beag duíthe. D'iarr isad uirthe, nach rabh aice ach buille beag a bhuaileadh ar an bhocsa agus athcuinge ar bith a ba mhian leíthe a iarraidh. D'fhág siad slán agus beannacht ag na cheile annsin agus d'imigh an cailín bocht a bealach féin.
    Bhuail sí an bhocsa agus d'iarr sí ar mac Ri Chonnacht a theacht agus í a thabhairt leis. Níor luuaithe a bhi seo raithe aice nach rabh sé i n-a sheasamh ar an talamh le n-a taoibh. Chuaidh an bheirt aca isteach i gcóiste agus níor mhothuigh siad go rabh siad ag Caisleán Rí Chonnacht. Phósadh annsin iad agus chaith beatha shona sheanmhar i n-a dhiaidh sin.
    Nuair a chualaidn ann leas mháthair an sceal chuir sí a inghean féin 'un t-siubhail. D'imigh sí léithe agus thainig sí fríd ach eile rud ach ni rabh sí comh adhamhaile le n-a leas-deirbhshiúir[?]. Nuair a thainig sí fhad leis an bhocsa ann a rabh na páistí níor thug sí aon dath amháin áirde ortha agus caidé a chonnaic
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Mac Niallghuis
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Donegal