Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Donegal
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 248
- XML “Fothar Shéimín Óig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fothar Shéimin ÓigBhi fear i n-a chomhnuidhe i Rinn na Cille aon uair amháin agus bhí mac aige darbh ainim dó Séimin Óg. Bhíodh Séimin sa chnoc i n-uile la indiaidh caorach. Bhi sé thuas sa chnoc lá amháín agus d'eirigh sé tuirseach. Shuidh sé síos i n-áit san aillt agus thuit sé i n-a chodhladh.
Mhusgail sé agus chonnaic sé bean le n-a thaoibh. Thug an bhean buille dó agus d'iarr sí air éirigh agus aghaidh a thabhairt ar a' bhaile. D'éirigh sé agus tharraing sé ar a' bhaile. Acht ni dheachaidh sé trí choisceim gur mhothuigh sé an callán ar a chúl agus chonaic sé an sluag sidheóg i n-a dhiaidh. Scairt an bhean leobhtha, "Na taraigidh níos faide, is mó atá an gasúr seo a dhith ar a bhunadh na a dhith oraibh-se." Thionntaigh na sidheógaí agus chuaidh siad arais an bealach as a dtainig siad. D'imigh an bhean léithe annsin. Ní dheachaidh an gasúr amach na cnuic ní ba mhó. Ón lá sin amach tugadh fothar Séimin Óig ar an áit.- Faisnéiseoir
- Brian Ó h-Eigceartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal