Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Donegal
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 272

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 272

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 272
  3. XML “Scéal Eile fán Diabhal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    rabh agus shín leobhtha. Fá dheireadh chonnaic siad teach fá fhiota daobhtha. Dubhairt an buachaill go rachadh siad fad leis an teach go bhfaghadh siad loístín na h-oidhche Ní thiofcadh liomsa a ghabhail a chomhair a'toighe sin' arsa an diabhal. 'An bhfeicean tú an loch atá eadrainn agus an teach. Craitheann bunadh an toighe an t-uisce coisreactha i n-uile oidhche sa teach sula a dtéighidh siad a luighe agus tá an t-uisce coisreactha sin mar loch eadar (eadar) mise agus an teach. Sin an fáth nach dtig liom-sa a ghabhail.' Shiubhal leo araist go bhfacaidh siad teach a raibh solas mór taobh amuigh de. Dubhairt an buachaill go bhfaghadh siad lóistín annsin acht dubhairt an diabhal nach dtiocfadh leis a ghabhail a chomhair an toighe, gur dhubhairt siad an Paidrín Páirteach i n-uile oidhche sula dtéidheadh siad a luighe. Tá sin mar teine eadrainn agus an teach sin, arsa an diabhal.
    Shiubhail siad leo go bhfacaidh siad an triomhadh teach. Sin teach anois, arsa an diabhal ' a bhfuil muid loístín ann go maidin Níl ins an teach sin ach lánamhaín agus bídh siad i dtólamh ag troid."
    Tharraing siad ar an teach agus fuair lóistín go maidín.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghan Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    71
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal