Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Donegal
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 280
- XML “Síscéal”
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí bean i Málainn bhig aon uair amháin agus oidhce amháin bhí sí féin agus a inghean in-a suidhe chois na teineadh. Le sin thainig fear beag isteach agus gruag ruadh air agus é gléasta mar shaighdiúir. Shuidh sé síos agus chuaidh sé 'an cainnte leis an mhnaoi. Nuair a bhí am luighe ann dubhairt an fear go rabh an tam aige-sean a bheith ag tarraingt ar a lóisdín. D'imthigh sé leis. Chuaidh an bhean amach in-a dhiaidh agus chonnaic sí é ag gabhail suas fhad le dún a bhí i gcúl an toighe. Lá thar an bhárach chualaidh an bhean nach rabh coimhthigheach ar bith san chomarsanacht. Rinne sí amach annsin gur sidheóg a bhí ann. Bhí seanbhean sa teach cheudna agus seachtmhain in-a dhiaidh seo fuair sí bás. Lá an tórraimh thainig an fear beag ruadh ceudna go dtí teach a'phobail agus é gléasta mar shaighdiúir(leanann ar an chéad leathanach eile)