Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
Scéal
“Bhí sin ann agus is fada o bhí; bhí fear ann uair amháin agus bhí neart airgid aige. Beirt ingneach a bhí aige; bhí cailín aca ar fostadh agus d'fhan an cailín eile ins an bhaile i gcomhnaidhe.”
Bhí sin ann agus is fada o bhí; bhí fear ann uair amháin agus bhí neart airgid aige. Beirt ingneach a bhí aige; bhí cailín aca ar fostadh agus d'fhan an cailín eile ins an bhaile i gcomhnaidhe. Shuidheadh an fear ins an bhaile gach oidhche ag cunntas a chuid airgid. Oidhche amháin bhí sé fhéin agus a ingean ina suidhe ag cunntas a chuid airgid. Sul ar thoisigh sé ghlasail sé an doras agus ní raibh duine ar bith abalta teacht isteach. Ach goidé a rinne sé ach an fhuinneóg a fhagail fosgailte.
bhí an cailín beag ag léigheadh leabhair agus níor mothuigh sí go dtáinig fear mór isteach agus gur bhuail sé buille de thuait ar a h-athair agus gur mharbhuigh sé é. Chuaidh an cailín a chaoineadh agus bhuail sé dorn uirthí agus thuit sí i laige. Nuair a mhusgail sí bhí a h-athair ina luighe marbh agus sruth fola ag sileadh as. bhí uareadóir óir aige agus bhí sé ar siubhal. Las an gaduidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)