School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 105
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An tomhas:- Da gcaillfea sgilling caide dheánfa da bhfuighthea í?
Freagar:- Stadfa a cuartughadhTomhas:- Ceithre cosa suas agus ceithre cosa síos, istuigh i lár báire bog, agus amuigh cruaidh.
Freagar:- leabaidh.Tomhas:- Mol iarainn agus ruball olna air.
Freagar: - Snathadh mhór agus snaithe olna inntí.Tomhas:- Caidé théid thart ar an adhmad, agus thart ar an adhmad, agus nach bhfághainn isteach san adhmad?
Freagar:- croiceann crann.Tomhas:- Leath beo agus leath marbh, agus a ruball ag crathadh.
Freagar:- madadh agus a cheann i bpota.Tomhas:- Trí, ceithre cudramain ag dul siar go Dún na nGall, gan suíl na beul ar cheann acu, agus iad uilig ag caint
Freagar:- Píobaí(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female