School: Tóin an tSeanbhaile
- Location:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Mac Pháidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Comhairthí na h-AimsireTá go leor comhartha ag na daoine annséo ar an aimsir, baineann siad fios as an spéir. Nuair a bhíonns an spéar glan, tá uair mhaith le teacht, agus nuair a bhíonns an ghrian íseal san spéir tá uair dorcha ag teacht. Nuair a bhíonns an ghrian an gheal deireann na sean-daoine go bhfuil uair dorcha ag teacht. Nuair a éirigheann an ghrian go h-an luaith ar maidin tá báisteach ag teacht, freisin nuair a bhíonns sí dearg ag dul síos, tá uair mhaith ag teacht. Nuair a bhíonns an ghealach ag rith san spéir, tá stoirm ag teacht, agus nuair a bhíonns an cearcall in aice na gealaighe níl an bháisteach ag teacht.Nuair abhíonns stoirm ag teacht tigeann na fuilleóga ón fhairrge go dtí an talamh. Agus feiceann tú spladhar gorm ins an teine, agus bíonn an cat inaice na teineadh agus bíonn sí ag scríopadh, agus tigeann na caoirigh anuas ó mhullaigh na gcnoc.Nuair a bhíonns céo an bhóthair ag imtheacht leis an ghaoith, tá athrú ar an uair. Nuair a bhíonns na(continues on next page)
- Collector
- Páid Ó Cabharcaigh
- Gender
- Male
- Address
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo