School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ba , caoirigh, muca, capaill agus asal againn sa mbaile. Nuair a bhíonn m'athair ga dtiomáint deireann sé --"Gabh thart" leis na buaibh agus "smuc" leis an muc agus "yeir" leis na caoirigh, agus "yeip" leis na capallaibh agus an asal.
Tugaimid "bó na hadharca" ar cheann de na buaibh agus "polly" ar cheann eile. Bíonn siad ins an stábla san oidhche agus bíonn siad ceangailte le slamhra. Uiareannta cuireann na daoine iubhair isteach i gcró na mbó cun rath a chur ar an stoc. Cuireann m'athair gabhail tuighe faoi na stoc gach oidhche.
Deireann daoine gur cheart an rud é píosa eadaig dearg a cheangail ar iorball na bó a bhíonn laogh aici. Uair amháin chúaidh bean isteach go dtí teac agus d'iarr an loine ar mhnaoí an tighe cun maistriú a dhéanamh . Ní raibh ceann aici fhéin is dócha. Fuair sí é agus rinne sé an maistrú.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní hAodha
- Gender
- Female
- Informant
- Pádhraig Ó hAodha
- Gender
- Male
- Address
- Ballymartin, Co. Mayo