School: Órán Mór (B) (roll number 4506)
- Location:
- Oranmore, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Órán Mór (B)
- XML Page 0337
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí rí ann fadó agus bhíodh sé ag cuir ceisteanna ar gach duine agus ag cuir geall mór nach raibh siad indan iad a fhosgailt.”
Bhí Rí ann fadó agus bhíodh sé ag cuir ceisteanna ar gach duine agus ag cuir geall mór nach raibh siad indon iad a fhosgailt. Bhí cuid mhait de na daoine sgriosta leis na ngeall a bhí sé ag cur ortha, toisg nach raibh siad indon iad a fhreagairt. Thuit sé go raibh fear bocht as Connemara ag obair in aice leis. Chuala sé na sgéala. Dubhairt sé leis féin go rachadh sé in a láthair. Chuaidh sé chuige agus d'fiafruigh an rí céard a bhí ag teasdail uaidh. Chuala mé, ar seisean, go bhfuil tú ag cuir ceisteanna ar gach duine agus nach bhfuil siad indon tú a fhreagairt. Dubhairt an rí nach raibh an fear indon ceist a fhreagairt dó. "Ce'n geall a cuirfeas tú liom," arsan fear. "Dhá céad púnt" ars an rí. "Tá go maith" ars an fear "bhfuil fios agat cé'n t-ainm a bhí ar mháthair na Maighdine Glóire." "Siubhan Breathrach" ars an fear. "Tá leat," ars an rí. "Tá an geall gróidhte agat." Dubhairt an fear bocht go raibh súil aige go bhfreagróchaidh an rí ceist do fhéin. "Tá go maith," ars an rí, "tá mé indon ceist ar bith a fhreagairt." "Cuirfidh mise," ars an fear "ceithre céad púint nach bhfuil tú indon an ceisth seo a freagairt" "Cuirfidh mise," ars an rí cúig céad púint go bhfuil. Tá go maith, ars an fear. Ce'n t-ainm a bhí ar athair Páid mór a bhí siar i gConnamara againne. Níl fhios agam cé hé Páid mór ná a athair, ars an rí, acht seo an t-airgead agus imthigh leat agus ná feicim thú aríst go bráth. D'imthigh an fear bocht ríméadach go maith ag dul abhaile dó(continues on next page)- Informant
- Maighréad Bean Ní Seacnasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Glennascaul, Co. Galway