School: Órán Mór (B) (roll number 4506)
- Location:
- Oranmore, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Órán Mór (B)
- XML Page 0339
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann fadó agus fuair sé suim airgead ar an mbóthar.”
Bhí fear ann fadó agus fuair sé suim airgead ar an mbóthair. De b'é an sagart a chaill é agus níor thug an fear suas dó é. Bhí go maith, nuair a chuaidh an fear go faoisdin níor thug an sagart aon párdún dó, mar nach dtiubhradh sé suas an t-airgead Bhí an fear seo ag faire ar an sagart lá. Bíodh an sagart ag siubhail ar an gcasán ag léigheamh a leabhair, tamall ó na theach, agus aon lá amháin chonnaic an fear é agus chuaidh sé isteach fén gclaidhe agus chaith sé trí piosaí airgead thar claidhe roimhe. Do chrom an sagart síos agus thóg sé suas an t-airgead. Bhí an fear ag féachaint air é a thógáil agus dubhairt se - is liom an t-airgead sin. Ní leat-sa é ars an sagart. Aon rud a bhfuigheanns tú ar an mbóthar is leat fhéin é. Tá go maith ars an fear - an t-airgead a fuair mise ar an mbóthair freisin, is liom féin é mar sin.- Informant
- Maighréad Bean Ní Seacnasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Glennascaul, Co. Galway