School: Órán Mór (B) (roll number 4506)

Location:
Oranmore, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0344

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0344

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Órán Mór (B)
  2. XML Page 0344
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Aon lá amháin, bhí an maghdean Mhuire agus a Mac amuigh agus bhí siad ag gabháil an bhóthair...

    Aon lá amháin, bhí an Maighdean Mhuire agus a Mac amuigh agus bhí siad ag gabháil an bhóthair agus chasadh fear leo ar an mbealach agus bhí a dhá chois cam. A Mhic, ar sise, nach cam an dhá chois atá faoi an bhfear sin. Níor labhair an Mach. Nuair a tháinic an oidhche, bhí teach ann ar thaobh cnuich. Dubhairt ár slánuightheóir leí a' dul isteach san teach agus lóistín a d'fhagháil ann go maidin. Dubhairt Sé leithe cébí céard a bhí ann a fanacht ann go maidin. Mar bhí fhios ag an slánúightheóir céard a bhí róimpí. Céard a bhí ann acht fear marbh, agus é leagtha amach ar cláir chaillte. D'fhan sí annsin go maidin ag faire ar an gcorp. Ar maidin, chuaidh sí amach tar éis na h-oidhche ag faire an cuirp. Casadh an Mac leí. A Mhic, ar sise cé'n fáth gur chuir tú isteach sa teach sin aréir mé nach raibh ann acht corp leagtha amach ar chlár Romham. Bheul, ar Seisean, ar bhain tú greim as. Ó 'tuige ar Sise a mbainfinn. Narbh fhurasta greim a bhaint as ná as an bhfear a casadh ar an mbealach indé linn. Mar sin níl aon ceart ag aon duine locht d'fagháil ar grásta Dé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.