School: Órán Mór (B) (roll number 4506)

Location:
Oranmore, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0342

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0342

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Órán Mór (B)
  2. XML Page 0342
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Nuair a bhí cogadh Cromail ann, bhí arm mór saighdiúira aige agus théigheadh an arm sin amach gach lá o theach go teach...

    Nuair a bhí cogadh Cromail ann, bhí arm mór saighdiúira aige agus théigheadh an arm sin amach gach lá o theach go teach ag lorg bídh agus an té nach mbéadh aon rud aige dóibh thóigeadh siad claidheamh amach agus mharbuigheadh siad é.
    Do bhí bean ann agus bhí aon mach amháin aice. Bhí siad an-bhocht ar fad agus bhí na saighdiúirí ag teacht chun a tighe an lá seo. Ní raib fhios ag an mnaoi céard a dhéanfadh sí mar ní raibh aon rud ins an teach aice acht aon gamhain amháin. Rinne sí suas a h-inntinn go mharbhóchadh sí an gamhain. Mharbhuigh sí an gamhain agus bhruith sí é agus bhí sé réidh aice nuair a tháinic an dream seo isteach. Bhí an dhá dhoras osgailte aice dóibh agus rith siad isteach. Shuidh siad síos ag an mbord agus d'ith siad a sáith agus bhí siad sásta leis an mnaoi. Acht nuair a chuir an páisde bocht a mhéar isteach san pláta chun píosa feola d'fagháil, bhain duine de na saighdiúirí a mhéir de agus thosaigh an páisde ag caoineadh. Nuair a chonnaic na saighdiúirí eile an rud a rinne an fear seo do mharbhuigh siad é mar bhí brón ortha tar eis chomh cneasta agus a bhí an bhean seo leo. D'éirigh siad ó'n mbord agus bhí siad buidheach do'n mnaoi bhocht. Annsin, d'fág siad an fear marbh ar an urlár agus dubhairt siad leis an mnaoi é a fágáil ann agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Maighread Bean Ní Sheacnasaigh
    Gender
    Female
    Address
    Glennascaul, Co. Galway