School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)
- Location:
- Brownsgrove, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go raibh trí duilleóga ar aon ghas amháin agus san tslighe sin chuir sé 'na luighe ortha go raibh trí pearsa in Dia. Caitheann na mna cláirseacha ar a gcótaí freisin mar bé an cláirseach an gléas ceóil ba mhó cáil a bhí i n-Éirinn fadó.
Ceadaoin an Luathraidh. Téigheann daoine na h-áite seo ar Aifreann an lá seo agus tar éis an Aifrinn cuireann an sagart luathrach ar a malainn le cur i gcuimhne dhóibh go bhfuighidís go léir bás am eicín.
Aoine an Chéasta. I bhfad ó shoin san páirt seo den tír ní dhéarnadh
na daoine aon obair Aoine an Chéasta. Ní chíorfadh na mná a gruaig mar deiridís nach raibh sé ceart. Ní dhéanfadh gabha aon obair ach an oiread an lá seo.
Dómhnach Cásga. Itheann na daoine go leór uibheacha an lá seo mar is ar an lá seo a d'aiséirigh Íosa Críost ó mharbhaibh.
Lá 'le Stiopháin. San áit seo téigheann beirt búachaillí ó theach go teach agus dreoilín i mbosca aca agus cuilinn 's ribíní ar an mbosca agus deireann
siad rann beag agus tugann bean-a-tíghe airgead dhóibh.- Collector
- Máire Nic Eathach
- Gender
- Female
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Chinnéidí
- Gender
- Female
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway