School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-SgéaltaGiolla na Luaithe.Bhí buachaill beag ann uair agus sé an t-ainm a bhí air 'Giolla na Luaithe' mar gheall nach mbíodh sé ag corrughadh amach as an luaith. 'Jack' an t-ainm ceart a bhí air agus ní raibh in aonfheacht leis acht a mháthair. Dubhairt sé len a mháthair go dtiocfadh sé le gadaidheacht. 'Céird (ceárd) ar bith eile' ar sise 'a dtiocfá leis bheinn sásta.' 'Á' ar seisean bíonn Dia dá fheiceál in a leithéid seo d'áit ins an gcoill am áithrid den lá agus má théigheann tú ann innseochaidh sé dhuit cén chéird a gcuirfidh tú leis mé."
D'imthigh an mháthair léi agus d'imthigh an mac roimpe agus bhain sé dó a chuid éadaigh agus chuaidh sé suas ar bhárr crainn agus tháinig an mháthair agus thosaigh sí ag guidhe. "A Mhic Dé" ar sise 'cén chéird a gcuirfidh mé mo mhac leis". "Ó le gadaidheacht, le gadaidheacht" ars' an mac. D'imthigh an mháthair abhaile go brónach agus bhí an mac sa mbaile roimpe. D'innis sí dó céard a thárla "agus má dubhairt Dia féin é" ar sise "ná téara leis". "Ó Tiocfad a mháthair' ar seisean.
D'imthigh leis agus chuaidh sé ar aimsir ag an nGaduidhe Dubh. Greasaidhe do b'eadh an Gaduidhe Dubh. An chéad lá bhí an Gaduidhe Dubh agus Jack 'na suidhe(continues on next page)- Informant
- Bairbre Bean Uí Maoil Eóin
- Gender
- Female
- Age
- 58
- Occupation
- Baintreach
- Address
- Ros an Mhíl, Co. Galway