School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0085
- XML “An Fear agus an Taibhse”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Fear agus an Taidhbhse.Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag an Aifreann an lá seo agus do bé an seanamóir a bhí ag an sagart nár cheart do dhuine ar bith faithchíos a bheith air roimh thaidhbhsí san oidhce ná tada mar sin, nach raibh ann acht seafóid. Bhí an fear seo ag éisteacht leis agus nuair a chuaidh sé abhaile dubhairt sé go n-imreóchadh sé seift ar an sagart go bhfeicfead sé an raibh an oiread misneach aige agus abhí sé a rádh. An oidhce chéadhna theastuigh an sagart ó na mháthair leis an Ola a chur uirthe agus chuaidh an fear seo i gcoinne an tsagairt. D'innis sé an sgéal do'n tsagart agus dubhairt an sagart go rachfhad sé leis.
Níor fhan an fear leis an sagart chor ar bith acht d'imthigh roimhe nó go dtáinig sé go dtí an áit ba h-uagnidhe ar an mbóthar agus d'fhan sé annsin leis. Nuair a d'airigh sé an sagart ag teacht chuir sé bráithlín geal ar féin agus sheas i lár an bhóthair roimhe. Nuair a chonnaich an sagart é thuit(continues on next page)- Informant
- Nóra Ní Chonghaola
- Gender
- Female
- Age
- 26
- Occupation
- Iníon táilliúra
- Address
- Doire an Fhéich, Co. Galway