School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0091
- XML “Amadán an Taois”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Amadán an Taois.Bhí bean fadó ann agus bhí aon mhac amháin aige. Ní íosfadh an lad seo aon tae ná arán acht dhá chloch mhín-choirce gach lá. Ní dheacha sé taobh amuigh de'n doras ariamh nó go raibh sé bliadhain is fiche. Chuaidh a mháthair lá go dtí an muileann ag iarraidh an mhin-choirce agus d'fhiafruigh an muileannthóir dí an raibh mórán clainne aice agus dubhairt sí nach raibh aice acht aon mhac amháin agus nach ndeacha sé taobh amuigh den doras ariamh. "Anois" ar seisean "nuair a thiocfas tú abhaile abair leis a dul ag iarraidh braon uisge (agus nuair) leis an min seo a fhliuchadh.
Chuaidh sí abhaile agus dubhairt sí leis a dul amach ag iarraidh braon uisge agus nuair a chuaidh sé amach thug sé taobh an tighe leis ar a dhul amach dhó. Nuair a tháinigh sé isteach dubhairt sé lé na mháthair builín aráin a dhéanamh dhó go raibh sé in am aige imtheacht ag maireachtáil dhó féin. Rinne sí dhá bhuilín aráin(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Scannláin
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Tóin an Chnoic, Co. Galway